As Gaeilge

Cuitear fáilte romhat ar thuras a thabharfaidh siar I stair na hÉireann thú. Sa Pháirc seo, achuimsionn o scion 35acra coillearnaí, bogaigh, inbhir agus talún ard , tabharfaidh t cuairt ar thithe, feirmeacha, ionaid adhartha agus ionaid adhlachta na hÉireann, agus tugann said léargas leithleach dúinn ar an stair.

Is eagraíoacht sheachbhrabúsach í Náisiúnta Oidhreachta na hÉireann. Úsáidtear na fáltais go léir ó iontrálacha, ón siopa agus ón mbialann chun an Pháirc a reáchtáil. Teastaíonn do thacaíocht uainn agus táimid fíor- bhuíoch as ucht na tacaíochta sin.

Do Chosán Siar sa Stair

Láthair 1: Talamh Coille Eanaigh agus Suíomh Méisiliteach

Ba timpeall 9,000 bliain ó shin a tháinig na chéad daoine  go hÉirinn, tar éis an Oighearaois dheireanach. Ba dhaoine clochaoise iad a mhair ar an tsealgaireacht, ar an iascaireacht agus ar an gcnuasach.

Láthair 2: Suíomh Neoiliteach

Tháinig na chéad fheirmeoirí timpeall 6000 bliain ó shin. Rinne said talamh feirme as na foraoisí agus thóg said tithe móra dronuilleogacha. Chuir said barra agus choinnigh said eallaí, caoirigh agus muca.

Láthair 3: Tuama Ursanach

Tá ‘Tuamaí Meigiliteacha’- ionaid adhartha agus adhlactha a rinneadh ­ó bholláin ollmhóra – le fail ar fud iarthar na hÉorpa. Tugtar Tuama Ursanach ar an gceann seo.

Láthair 4: Uaigh Chiste

Ba iad copar agus ór na chéad mhiotail a úsáideadh in Éirinn, timpeall 4500 bliain ó shin. Tréigeadh na tuamaí móra Clochaoise agus tosaíodh ag adhlacadh daoine leo féin, in uaigheannacosúil leis an gceann seo.

Láthair 5: Ciorcal Cloiche

Tá lisgchiorcail ann ón gCré-umhaois agus tógadh iad idir 3,000 agus 4,000 bliain ó shin. Ba shuíomhanna deasghnácha iad agus d’fhéadfadh sé gur baineadh úsáid astu chun tréimhsí nab liana a mharcáil freisin.

Láthair 6: Cloch Ogham

Is cineál scríbhneoireachta í an tOgham a céadcheapadh in Éirinn os cionn 1,600 bliain ó shin atá bunaithe ar aibítir na Laidine. Is í an Ghaeilge an teanga a úsáidtear – an chéad fhianaise atá again d’usáid theanga Cheilteacht anseo.

Láthair 7: An Lios

Tá liosanna an-choitianta I dtírdhreach na hÉireann, agus baineadh úsáid astu ó timpeall 1,500 bliain ó shin go dtí 1,000 bliain ó shin , ach bhí sé difriúil ó mhúnla na Róimhe. Bhi sé bunaithe timpeall ar mhainistreacha cosúil leis an gceann anseo, ionaid ealaion agus foghlama.

Láthair 8: Suíomh Mainistreach

Rinneadh tír Chríostaí d’Éire timpeall 1,500 bliain ó shin, ach bhí sé difriúil ó mhúnla na Róimhe. Bhí sé bunaithe timpeall ar mhainistreacha cosúil leis an gceann anseo, ionaid ealaíon agus foghlama.

Láthair 9: Tornóg Abhair

Fásann arbhar go maith in Éirinn ach bíonn gá lena thriomú sular féidir é a úsáid. Scaipeadh an t-arbhar ar chriathair os cionn simléar fada, a raibh tine the ag dó taobh amuigh de.

Láthair 10: An Muileann Uisce

Tógadh na chéad mhuilte uisce in Éirinn timpeall 1,500 bliain óshin, ag baint úsáide as teicneolaíocht a tháinig óthat lear. Ritheadh dlithe chun a mbunú a spreagadh ar fud na tire.

Láthair 11: An Fulacht Fiadh

Tá said seo an-choitianta ar fud na hÉireann agus is éard atá iontu ná  clais inar úsáideadh clocha teo chun uisce a fhiuchadh. D’fhéadfaí úsáid a bhaint as seo le haghaidh cócaireachta, níocháin, ruaimniú éadaigh  nó fiú chun beoir a dhéanamh.

Láthair 12: An Chrannóg

Oileán saorga atá I gcrannóg agus is iondúil go mbíonn pailis de chineál éigin timpeall air, le tithe nó suíomhanna tionsclaíocha taobh istigh de. Baineadh úsáid astu in Éirinn ón gClochaois suas go 400 bliain ó shin.

Láthair 13: Bádchlós Lochlannach

Ba mhairnéalaigh agus taiscéalaithe den scoth iad na Lochlannaigh, chomh maith le bheith ina laochra cróga. D’ionsaigh said Éire I dtosach timpeall 1,200 bliain óshin, ach shocraigh said síos ansin agus thóg said na chéad fíor –bhailte a bhí riamh in Éirinn.

Láthair 14: Caisleán Normannach

Tháinig na Normannaigh in 1169 agus thosaigh said ag tógáil caisleáin láidre adhmaid agus cloiche. Is minic a chuir said dath bán orthu ionas go mbeidís níos maorga. Tá an suíomh seo á athfhorbairt mar ionad idirghníomhach.

Láthair 15: Clais Normannach

Is éard atá sa chlais seo ná iarsmaí den chéad daingniú Normannach in Éirinn, a tógadh chun caisleán adhmaid a chosaint a thóg Tobert Titzstephen in 1169/70, tar éis ghabháil bhaile Loch Garman.

Láthair 16: Cloigtheach

Tá cloigthithe I mórán luath-mhainistreacha na hÉireann, agus bhí said ina gcloigthithe, ina dtearmann agus ina gcistí. Tógadh an mhacasamhail seo in 1857 mar chuimhneachán ar Chogadh na Crime in 1854-55.

Eolas a theastaíonn uait

Céard atá le feiceáil?

Atógáil lánscála de thithe, de dhúnfoirt agus de thuamaí ársa; mainistir luath-Chríostaí atá atógtha go hiomlán, muileann, fulacht fiadh agus bádchlóis agus báid Lochlannacha. Ainmhithe pór ársa ag an Lios (go séasúrach); Cosáin coillearnaí, fiadhúlra, plandái agus bláthanna; clais chosanta a thóg na chéad ionróirí Normannacha go hÉirinn; Cloigtheach cuimhneacháin ar Chogadh na Crimé.

Cén fhad arc heart dom a thabhairt don chuairt?

Molaimid go gcuireann tú ar a laghad 2 uair an chloig ar leataobh don chuairt, ach d’fhéadfá leathlae nó níos mó a chaitheamh anseo go furasta.

An bhfuil aon turais speisialta ann?

Tá Cuirimid turas treoriaithe in aisce ar fail , a gcuirfear tús leo go rialta ag aIonad na gCuairteoirí. Mar mhalairt air sin, más mian leath féachaint thart ar do shuaimhneas, is féidir linn clos-thuras a chur ar fail duit le tabhairt leat ( baineann táille íseal leis seo).

An bhfuil áis Chlosamhairc ann?

Tá dhá áis Chlosamhairc ann – ceann in Ionad na gCuairteoirí, ag féachaint ar thréimhse réamhstaire na hÉireann agus ceann I suíomh na Mainistreach ag féachaint ar mhainistreacha luath – Chríostaí na hEireann.

Céard iad na háiseanna atá ar an láthair?

Tá bialann iomlán in Ionad na gCuairteoirí, chomh maith le siopa bronntanas den scoth. Tá áiseanna leithris agus picnicí ar fail ag Ionad na gCuairteoirí agus  tá leithris taobh istigh den Pháirc freisin, in aice leis an Muileann Uisce.

Cén cineál rochtanna atá ar an bPáirc do dhaoine le máxhail fhisiceach?

Tá rochtain ar fail ar an gcuid is mó den Pháirc I gcathaoir rotha. Tá roinnt cosáin nach bhfuil oiriúnach do chathaoireacha rotha, ach tá said sin marcáilte go soiléir. Tá an clos –thuras deartha  go speisialta do lucht lagamhairc agus cuirtear fáilte roimh Mhadraí Treorach. Tá trí chlos-aonad ar Leith sa Lios, sa Chrannóg agus sa suíomh Lochlannach a chabhróidh le lucht lagamhairc taitneamh a bhaint as na suíomhanna sin.

An bhfuil aon imeachtaí speisialta a eagraítear sa Pháirc?

Bíonn féilire imeachtaí forleathan again i rith nab liana. Cuirfear ar an eolas tú ag an deasc ticéad má tá aon imeacht ar siúl ar lá do chuairte.

An féidir liom grianghraif nó físeán a thógáil?

Tá fáilte romhat grianghraif, físeán nó clos-thaifid a thógáil dod’úsáid phríobháideach féin, ach ní ceadmhach iad seo a úsáid chun cuspóirií tráchtála ná iad a fhoilsiú gan cead I scríbhinn ó Pháirc Náisiúnta Oidhreacht na hÉireann.

Páirc Náisiúnta Oidhreachta na hÉireann, Caladh na Carraige, Co. Loch Garman

Teil : 00 – 353-53-9120733

Rphost: info@inhp.com Suíomh Gréasáin: www.inhp.com

Comments are closed.